1 Macabaech 10:76-89 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

76. tháinig eagla ar lucht na cathrach agus d'osclaíodar dó agus ghabh Iónátán Iopa.

77. Chuala Apollóinias é sin agus chruinnigh sé trí mhíle de mharcshlua agus arm mór agus ghluais go hAzótas, amhail is dá mbeadh sé le dul níos faide. Bhí sé ag brú ar aghaidh isteach sa mhachaire san am céanna mar bhí fórsa tréan marcach aige agus é ag brath orthu.

78. Chuaigh [Iónátán] sa tóir air chomh fada le hAzótas agus chuaigh na hairm i ngleic le chéile.

79. Bhí míle marcach fágtha ag Apollóinias i bhfolach ar a chúl.

80. Fuair Iónátán amach go raibh an luíochán seo á dhéanamh i leith a chúil; thimpeallaigh na marcaigh a arm agus bhíodar ag scaoileadh a saigheada faoina chuid fear ó mhaidin go tráthnóna.

81. Ach sheas na fir an fód mar a d'ordaigh Iónátán dóibh, agus traochadh a n‑eachra siúd.

82. Ansin thug Síomón a fhórsa chun tosaigh agus chuir cath ar an bhfalang - mar bhí an marcshlua traochta - agus bhris sé orthu agus theitheadar.

83. Scaipeadh an marcshlua ar fud an mhachaire agus theith siad go hAzótas agus isteach leo i dteampall Dhágón, a n‑íol, ag lorg dídine.

84. Ach chuir Iónátán Azótas agus na cathracha máguaird trí thine; chreach sé iad agus chuir sé teampall Dhágón, agus an mhuintir a theith ina sluaite isteach ann, faoi bharr lasrach.

85. Ba é an líon naimhde a thit le faobhar claímh nó le loscadh sa tine, timpeall ocht míle fear.

86. D'imigh Iónátán leis ón áit sin, agus shuigh a champa os comhair Ascalón; d'fháiltigh muintir na cathrach sin roimhe go hollásach.

87. D'fhill Iónátán ansin ar Iarúsailéim le héadáil mhór.

88. Nuair a chuala Alastar rí faoi na nithe sin go léir, chaith sé a thuilleadh onóra le Iónátán,

89. chuir sé chuige dealg óir mar is gnáth a thabhairt do ghaolta an rí; thug sé dó chomh maith seilbh ar Eacrón agus na tailte a ghabh leis.

1 Macabaech 10