1 Macabaech 10:66-77 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

66. D'fhill Iónátán ansin go Iarúsailéim faoi shíocháin agus faoi áthas.

67. Sa bhliain céad agus a seasca cúig tháinig Déimitrias mac Dhéimitrias ón gCréit go tír a shinsear.

68. Nuair a chuala Alastar rí ina thaobh sin, tháinig buaireamh mór air agus d'fhill sé ar Aintíoch.

69. Cheap Déimitrias Apollóinias ina ghobharnóir ar Choílé Síre agus chruinnigh forsa tréan agus chuir léigear ar Iaimnía. Ansin chuir sé an teachtaireacht seo leanas go Iónátán an t‑ardsagart.

70. “Níor éirigh inár gcoinne ach tú! Táim i mo cheap magaidh agus aithise anois de do chionn. Cén fáth a bhfuil feidhm á bhaint agat as do chumas inár gcoinne sna hardáin?

71. Má tá muinín agat as d'fhórsaí, tar anuas ar an machaire inár n‑aghaidh agus bainimis triail as a chéile ann; tá neart na gcathracha ar mo thaobhsa.

72. Cuir ceist agus faigh amach cé hé mé agus cé hiad an mhuintir eile atá ag cabhrú linn. Déarfaidh daoine leat nach féidir duit an fód a sheasamh inár n‑aghaidh, mar gur briseadh dhá uair ar do shinsir ar a bhfóidín dúchais.

73. Agus anois ní bheidh ar do chumas an fód a sheasamh in aghaidh an mharcshlua ná an airm mhóir seo sa mhachaire, agus gan carraig ná scailp ná áit dídine ann duit.”

74. Nuair a chuala Iónátán teachtaireacht Apollóinias, bhorr an croí ann istigh. Thogh sé deich míle fear agus chuir chun bealaigh ó Iarúsailéim agus tháinig a dheartháir Síomón chuige le cabhair.

75. Shuigh sé longfort os comhair Iopa ach dhún lucht na cathrach í ina aghaidh, mar go raibh garastún ag Apollóinias in Iopa. Nuair a rinneadar ionsaí uirthi,

76. tháinig eagla ar lucht na cathrach agus d'osclaíodar dó agus ghabh Iónátán Iopa.

77. Chuala Apollóinias é sin agus chruinnigh sé trí mhíle de mharcshlua agus arm mór agus ghluais go hAzótas, amhail is dá mbeadh sé le dul níos faide. Bhí sé ag brú ar aghaidh isteach sa mhachaire san am céanna mar bhí fórsa tréan marcach aige agus é ag brath orthu.

1 Macabaech 10