58. Bhuail Alastar rí leis agus thug [Ptoilimí] a iníon Cleopatra dó le pósadh agus ceiliúradh an pósadh i Ptolamais le spleodar faoi mar is gnáth le ríthe.
59. Ansin scríobh Alastar go Iónátán á iarraidh air teacht ina láthair.
60. Chuaigh sé dá bhrí sin go hollásach go Ptolamais agus bhuail leis an dá rí; thug sé airgead agus ór agus a lán tabhartas dóibh féin agus dá gcairde agus fuair sé fabhar ina láthair.
61. Chuir buíon scraistí ó Iosrael, dream ainrialta, le chéile le gearán a dhéanamh ina aghaidh, ach níor thug an rí aon aird orthu.
62. D'ordaigh an rí a chuid éadaigh a bhaint de Iónátán agus éide chorcra a chur uime, agus rinneadh amhlaidh.
63. Chuir an rí ina shuí taobh leis é agus dúirt sé lena oifigigh: “Téigí amach i lár na cathrach leis agus fógraígí gan aon duine a dhéanamh gearáin ina aghaidh faoi aon ní agus gan aon duine a chur isteach air ar aon chúis.”
64. Nuair a chonaic lucht a chúisithe an onóir a bhí á caitheamh leis de réir an fhógra sin agus é gléasta i gcorcra, theith siad go léir.
65. Thug an rí onóir dó, más ea, agus chuir a ainm ar rolla a phríomhchairde, agus cheap é ina ghinearál agus ina ghobharnóir ar an gcúige.
66. D'fhill Iónátán ansin go Iarúsailéim faoi shíocháin agus faoi áthas.
67. Sa bhliain céad agus a seasca cúig tháinig Déimitrias mac Dhéimitrias ón gCréit go tír a shinsear.