42. Mar bhreis air sin, an cúig mhíle seicil airgid a dhéantaí a thobhach ar theacht isteach sheirbhísí an tsanctóra le haghaidh na bliana, tá sé á mhaitheamh mar go mbaineann sé leis na sagairt a cheiliúrann an liotúirge.
43. Aon duine a lorgann dídean sa Teampall in Iarúsailéim, nó laistigh dá thearmainn, toisc go bhfuil sé i bhfiacha leis an rí nó a mhalairt, scaoiltear saor é agus faigheadh sé ar ais a mhaoin go léir i mo ríochtsa.
44. Maidir le tógáil agus athnuachan foirgnimh an tsanctóra, bíodh na costais go léir ar chiste an rí.
45. Bíodh chomh maith atógáil ballaí Iarúsailéim, agus an chóir chosanta ina thimpeall, mar chostas ar chiste an rí agus atógáil ballaí cathracha Iúdáia freisin.”
46. Nuair a chuala Iónátán agus an pobal na focail sin níor ghéilleadar dóibh ach iad a scaoileadh thar a gcluasa, mar ba cuimhin leo an díobháil mhór a rinne [Déimitrias] in Iosrael agus conas mar a rinne sé leatrom cruálach orthu.
47. Thaobhaíodar le hAlastar mar gurbh é ba thúisce a labhair briathra síochánta leo agus bhíodar ina gcomhghuaillithe aige ar feadh a shaoil go léir.
48. Bhailigh Alastar rí sluaite móra agus shuigh a longfort os coinne Dhéimitrias.
49. Chuaigh an dá rí i ngleic catha le chéile. Theith arm Dhéimitrias agus chuaigh Alastar sa tóir air agus bhris ar a fhórsaí.
50. Lean sé den troid go dásachtach go ndeachaigh an ghrian faoi agus thit Déimitrias féin an lá úd.
51. Chuir Alastar teachtaí go dtí Ptoilimí rí na hÉigipte le teachtaireacht mar leanas:
52. “Ós rud é gur fhill mé ar ais ar mo ríocht féin, go bhfuilim i mo shuí i ríchathaoir mo shinsear, gur dhaingnigh mé mo réim, gur bhasc mé Déimitrias, go bhfuair mé ceannas ar ár dtír -
53. mar throid mé é agus scriosamar é féin agus a arm agus táimid suite anois i ríchathaoir a ríochta -
54. anois, más ea, déanaimis conradh agus cairdeas lena chéile; tabhair dom d'iníon mar bhean chéile agus beidh mé mar chliamhain agat, agus tabharfaidh mé spré duitse agus dise, mar is dual daoibh.”