35. Ní bheidh sé de cheart ag aon duine aon éileamh a dhéanamh orthu ná cur isteach orthu ar aon slí.
36. Liostáiltear Giúdaigh, suas le tríocha míle fear díobh, in arm an rí agus bíodh liúntais ar fáil dóibh ar aon dul leis an gcuid eile d'fhórsaí an rí.
37. Cuirtear cuid acu i ndaingin mhóra an rí, agus ceaptar a thuilleadh díobh i bpoist mhuiníne sa ríocht. Ceaptar oifigigh agus ceannairí dá gcuid féin orthu agus mairidís de réir a ndlíthe féin, faoi mar a d'ordaigh an rí i dtír Iúdá.
38. Maidir leis na trí réigiúin a cuireadh le Iúdáia ó thír na Samáire, cuirtear le Iúdáia iad ar shlí go n‑áireofar faoin aon rialtóir amháin iad, gan géillsine á tabhairt acu d'aon údarás ach don ardsagart.
39. Thug mé Ptolamais agus a chomharsanacht mar bhronntanas don sanctóir in Iarúsailéim le díol as na costais riachtanacha a ghabhann leis an sanctóir.
40. Déanaim féin freisin bronntanas de chúig mhíle déag seicil airgid in aghaidh na bliana ó chiste an rí, le teacht ó na foinsí cuí.
41. An fearasbarr go léir nach bhfuil íoctha fós ag na feidhmeannaigh mar a rinneadh blianta eile, tabharfaidh siad as seo amach é ar son oibreacha an Teampaill.
42. Mar bhreis air sin, an cúig mhíle seicil airgid a dhéantaí a thobhach ar theacht isteach sheirbhísí an tsanctóra le haghaidh na bliana, tá sé á mhaitheamh mar go mbaineann sé leis na sagairt a cheiliúrann an liotúirge.
43. Aon duine a lorgann dídean sa Teampall in Iarúsailéim, nó laistigh dá thearmainn, toisc go bhfuil sé i bhfiacha leis an rí nó a mhalairt, scaoiltear saor é agus faigheadh sé ar ais a mhaoin go léir i mo ríochtsa.
44. Maidir le tógáil agus athnuachan foirgnimh an tsanctóra, bíodh na costais go léir ar chiste an rí.
45. Bíodh chomh maith atógáil ballaí Iarúsailéim, agus an chóir chosanta ina thimpeall, mar chostas ar chiste an rí agus atógáil ballaí cathracha Iúdáia freisin.”
46. Nuair a chuala Iónátán agus an pobal na focail sin níor ghéilleadar dóibh ach iad a scaoileadh thar a gcluasa, mar ba cuimhin leo an díobháil mhór a rinne [Déimitrias] in Iosrael agus conas mar a rinne sé leatrom cruálach orthu.
47. Thaobhaíodar le hAlastar mar gurbh é ba thúisce a labhair briathra síochánta leo agus bhíodar ina gcomhghuaillithe aige ar feadh a shaoil go léir.