14. Níor fhan aon duine ach beagán díobh siúd a thréig an dlí agus na haitheanta agus a d'fhan i mBéit Zúr mar gur thearmann é.
15. Chuala Alastar rí faoi na gealltanais go léir a thug Déimitrias do Iónátán agus d'inis daoine dó faoi na cathanna go léir a d'fhear Iónátán agus a dheartháireacha agus faoi na gníomhartha gaisce a rinne siad agus na deacrachtaí a d'fhulaing siad.
16. “An bhfaighimid a leithéid go deo arís? Anois más ea, déanaimis ár gcara agus ár gcomhghuaillí de!”
17. Scríobh sé litir chuige dá bhrí sin agus sheol chuige í le teachtaireacht mar seo:
18. “Alastar rí dá bhráthair Iónátán, beatha agus sláinte!
19. Chualamar gur gaiscíoch tréan thú agus gur fiú thú a bheith mar chara againn.
20. Cheapamar dá réir sin inniu thú le bheith i do ardsagart ag do mhuintir, agus go dtabharfaí cara an rí ort” - agus chuir sé fallaing chorcra agus coróin órga chuige freisin - “agus go mbeadh lé agat linn agus go mbeadh cairdeas eadrainn.”
21. Chuir Iónátán na héidí naofa air sa seachtú mí den bhliain céad agus a caoga, i bhféile na dTaibearnacal, agus chruinnigh sé fórsaí agus sholáthraigh sé raidhse arm.
22. Nuair a chuala Déimitrias faoin méid sin, bhí brón air agus dúirt:
23. “Cad tá déanta againn a rá is go bhfuil buntáiste faighte ag Alastar orainn ag déanamh cairdis leis na Giúdaigh mar thacaíocht leis féin?
24. Cuirfidh mise freisin teachtaireacht misnigh chucu ag geallúint onóra agus duaiseanna lena mealladh chun cabhrú liom.”
25. Agus chuir sé scéala chucu mar leanas: “Déimitrias rí go dtí an cine Giúdach, beatha agus sláinte!
26. Chualamar conas mar a choimeád sibh bhur gconarthaí linne agus a d'fhan sibh dílis do bhur gcairdeas linne gan taobhú lenár naimhde agus ba mhór an sásamh dúinn sin.
27. Anois, más ea, leanaigí oraibh le bhur ndílseacht dúinn, agus déanfaimid cúiteamh fial libh ar son gach a ndéanfaidh sibh ar ár son.
28. Tabharfaimid a lán pribhléidí daoibh agus bronnfaimid a lán duaiseanna oraibh.
29. Déanaim sibhse anois a shaoradh agus na Giúdaigh go léir a fhuascailt ó gach cíos, ó cháin an tsalainn agus ó cháin na corónach.
30. Agus cé go bhfuil trian d'fhómhar an arbhair agus leath d'fhómhar na gcrann dlite dom, in áit í a thobhach, scaoilim saor ón gcáin sin, ó inniu agus as seo amach, tír Iúdá agus na trí dúichí a cuireadh leis ón tSamáir agus ón nGailíl, ó inniu agus go brách.
31. Bíodh Iarúsailéim agus a chomharsanacht, a dheachúna agus a dhleachta naofa, saor ó cháin.
32. Bogaim freisin mo ghreim ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus tugaim i lámha an ardsagairt é le go gcuirfeadh sé a rogha féin de gharastún ann lena chosaint.
33. Agus gach Giúdach beo a tugadh mar chime ó thír Iúdá go dtí aon áit i mo ríocht, scaoilim saor in aisce iad, agus maitheadh [na feidhmeannaigh] go léir na cánacha do chách, fiú ar a n‑eallach.