1. Sa bhliain céad agus a seasca tháinig Alastar Eipifanaes, mac Aintíochas, i dtír agus ghabh seilbh ar Ptolamais. Cuireadh fáilte roimhe agus chuaigh sé i mbun rialaithe.
2. Nuair a chuala Déimitrias rí é sin, chruinnigh sé slua mór agus mháirseáil amach chun catha ina choinne.
3. Ansin chur Déimitrias litir shíochánta go Iónátán ag caitheamh onóra leis.
4. “Mar,” ar sé, “b'fhearr dúinn an tosach a bheith againn agus síocháin a dhéanamh leis sula ndéanfaidh sé síocháin le hAlastar inár n‑aghaidh.
5. Óir cuimhneoidh seisean ar na héagóracha go léir a rinneamar ina choinne agus i gcoinne a bhráithre agus i gcoinne an chine.”
6. Thug [Déimitrias] údarás dó dá bhrí sin fórsaí a chruinniú, airm a sholáthar, agus bheith mar chomhghuaillí aige; agus d'ordaigh sé na gialla sa Dúnfort a scaoileadh saor chuige.
7. Chuaigh Iónátán go dtí Iarúsailéim agus léigh sé an litir i gcomhchlos an phobail ar fad agus na muintire sa Dúnfort.
8. Tháinig scéin an domhain orthu nuair a chuala siad gur thug an rí údarás dó fórsaí a thionól.
9. Agus thug lucht an Dúnfoirt na gialla suas do Iónátán agus thug sé ar ais dá dtuismitheoirí iad.
10. Chuir Iónátán faoi in Iarúsailéim ansin agus chrom sé ar an gcathair a atógáil agus a athnuachan.