57. Duine ar bith ar thángthas air agus cóip den chonradh ina sheilbh aige, nó é ag cleachtadh an dlí, dhaor forógra an rí chun báis é.
58. Leanadar orthu ag imirt lámh láidir ar Iosrael, ar an muintir a d'aimsídís sna cathracha mí i ndiaidh na míosa.
59. Ar an gcúigiú lá fichead den mhí d'ofrálaidís íobairt ar an altóir a tógadh ar altóir an uileloiscthe.
60. Chuir siad chun báis, de réir an fhorógra, na mná a rinne a gclann a thimpeallghearradh
61. agus a leanaí ar crochadh acu lena muineál, agus a líon tí agus lucht déanta an timpeallghearrtha.
62. Ach bhí go leor in Iosrael a sheas go daingean agus a raibh sé de mhisneach iontu bia neamhghlan a dhiúltú.
63. B'fhearr leo an bás ná iad féin a thruailliú lena leithéid de bhia nó an conradh naofa a shárú, agus cuireadh chun báis iad.
64. Ba uafásach an fraoch feirge a imríodh ar Iosrael.