1 Eoin 4:8-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.

9. Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.

10. Seo é an grá - ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.

1 Eoin 4