1 Eoin 3:8-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail.

9. Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.

10. Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.

11. Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile.

12. Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.

1 Eoin 3