1. Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.
2. A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
3. Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa.
4. Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca.
5. Agus tá a fhios agaibh gur foilsíodh eisean le go dtógadh na peacaí, agus gan an peaca air féin.
6. Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.