1 Eoin 2:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. An té a thugann grá dá bhráthair maireann sa solas mar nach mbaintear aon tuisle as.

11. Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchacht agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchacht a shúile.

12. Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína ainmsean.

13. Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.

14. Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta.

15. Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann.

16. Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.

17. Agus imíonn an saol agus a mhianta ar ceal. An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo.

18. A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.

1 Eoin 2