1 Croinicí 8:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Seo iad clann mhac Éachúd (ba chinn fine iadsan den lucht cónaithe i nGeaba, agus tugadh ar deoraíocht iad go Mánáchat):

7. Námán, Aichíá, Géará - eisean a rug ar deoraíocht iad - ghin sé Uzá agus Aichíchiud.

8. Ghin sé Seacharaím i mbánta Mhóáb tar éis dó a mhná Húisím agus Bárá a chur i leataobh.

9. Rug a chéad bhean eile mic dó: Ióbáb, Zibiá, Méiseá, Malcám,

10. Ieúz, Saiciá, Mirmeá. Ba iadsan a chlann mhac, cinn fine.

11. Rug Húisím clann mhac dó chomh maith: Aibítiúb agus Ealpál.

12. Clann mhac Ealpál: Éibir, Miseám, Seimid, an té a thóg Ónó agus Lod lena bhailte máguaird,

13. Beiríá agus Seama. Ba iadsan cinn fine na muintire a bhí ina gcónaí i nAiálón agus a ruaig lucht Ghat.

1 Croinicí 8