8. Ealcáná a mhacsan, Eibiásáf a mhacsan, Aisír a mhacsan,
9. Tachat a mhacsan, Úiríéil a mhacsan, Uizíá a mhacsan, Seáúl a mhacsan.
10. Clann mhac Ealcáná: Amásai agus Aichímeot.
11. Ealcáná a mhacsan, Sófaí a mhacsan, Nachat a mhacsan,
12. Eilíáb a mhacsan, Iarochám a mhacsan, Ealcáná a mhacsan.
13. Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac.
14. Clann mhac Mharáraí: Mailí, Libní a mhac,
15. Simeí a mhacsan, Haigíá a mhacsan, Asáiá a mhacsan.
16. Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta.
17. Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram.
18. Seo iad na fir a rinne seirbhís, agus a mic: De chlann mhac Chohát: Haemán an cantaire, mac Ióéil, mac Shamúéil,