48. Tugadh dhá chathair déag do na Maráraígh de réir a bhfiní, as treibh Reúbaen, as treibh Ghád, agus as treibh Zabúlun.
49. Thug clann Iosrael na cathracha sin lena dtalamh féaraigh do na Léivítigh.
50. Thug siad dóibh chomh maith, de chur crann, na cathracha a ainmníodh uathu as treibh Iúdá, as treibh Shimeon, agus as treibh Bhiniáimin.
51. Tugadh freisin d'fhiní de chlann Chohát cathracha dá gcuid féin de threibh Eafráim.
52. Tugadh dóibh na cathracha tearmainn: Seicim lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, Geizir lena thalamh féaraigh,
53. Iocmám lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh,
54. Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh;
55. as leath-threibh Mhanaise: Ánaer lena thalamh féaraigh, Bileám lena thalamh féaraigh, don chuid eile d'fhiní chlann Chohát.
56. Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh;
57. agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh.
58. Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh;
59. as treibh Áiséar: Máiseál lena thalamh féaraigh, agus Abdón lena thalamh féaraigh,
60. Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh;
61. as treibh Naftáilí: Ceidis sa Ghailíl lena thalamh féaraigh, Hamón lena thalamh féaraigh, Ciriátaím lena thalamh féaraigh.
62. Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh;
63. agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh,