7. A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá,
8. Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil.Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.
9. Shín a thailte soir go dtí an fásach ar an taobh seo den Eofrataes mar bhí a lán tréada acu i dtír Ghileád.
10. Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád.
11. Mhair clann Ghád ina gcóngar ag cur fúthu i dtír Bháiseán chomh fada le Salacá:
12. Ióéil, an taoiseach, Seáfám an dara duine, ansin Ianaí agus Seáfát i mBáiseán.
13. A ngaolta de réir finí: Míocáéil, Misiulám, Seaba, Iórai, Iacán, Zía, Eibir; seachtar.
14. Seo iad clann mhac Aibíochail: Bein Húraí, Bein Ioróach, Bein Gileád, Bein Míocáéil, Bein Isíseaí, Bein Iachdó, Bein Búz.
15. Aichí mac Aibdíéil mac Ghúnaí ceann a gclainne.
16. Chuir siad fúthu i nGileád, i mBáiseán agus ina bhailte fearainn agus ar fud tailte féaraigh Sheárón ó cheann ceann.
17. Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.
18. Clann Reúbaen, clann Ghád, leaththreibh Mhanaise, cuid dá ngaiscígh, lucht iompartha scéithe agus claímh, agus láimhsithe bogha, le taithí ar chogaíocht, daichead a ceathair míle seacht gcéad seasca díobh ullamh chun seirbhíse -
19. chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb.
20. Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d'éist sé lena nguí.
21. Thugadar leo óna n‑eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear,
22. óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n‑áit siúd go dtí an deoraíocht.