1 Croinicí 5:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine,

2. óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.

3. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi.

4. Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan;

5. Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan;

6. Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é.

1 Croinicí 5