1 Croinicí 29:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.

16. A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.

17. Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.

18. A Thiarna, Dia ár sinsear, Abrahám, Íosác agus Iosrael, cumhdaigh an tnúth agus na smaointe seo i gcroí do phobail go brách agus treoraigh a gcroí chugat féin.

19. Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”

20. Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: “Molaigí an Tiarna bhur nDia!” Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.

21. Lá arna mhárach d'ofráil siad ofrálacha agus íobairtí uileloiscthe don Tiarna - míle tarbh, míle reithe, míle uan, mar aon lena n‑íobairtí dí, agus le híobairtí ar son Iosrael go léir.

22. D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.

23. Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó.

24. Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí.

1 Croinicí 29