1. Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: “Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia.
2. Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar.