1 Croinicí 27:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Sa séú háit, i gcomhair an séú mí, bhí Íreá mac Icéis ó Theacóá. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

10. Sa seachtú háit, i gcomhair an seachtú mí, bhí Héiliz an Palónach duine de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

11. San ochtú háit, i gcomhair an ochtú mí, bhí Sibeacai ó Huiseá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

12. San naoú háit, i gcomhair an naoú mí, bhí Aibíeizir ó Anatót, an Biniáimineach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

13. Sa deichiú háit, i gcomhair an deichiú mí, bhí Maharai ó Natófá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

14. San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

15. Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

16. Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh.

17. Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh;

18. Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh.

19. Ismeá mac Obaidiá do na Zabúlunaigh; Irímeot mac Aizríéil do na Naftáilígh.

1 Croinicí 27