3. Ba de shliocht Pheiriz é agus bhí sé ina thaoiseach ar na hoifigigh go léir a bhí ceaptha don chéad mhí.
4. Bhí Dódai an tAchóchach i gceannas an dara roinn i gcomhair an dara mí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead fear.
5. Ba é Banáiá mac Iahóideá, an t‑ardsagart, oifigeach an tríú roinn i gcomhair an tríú mí. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
6. Ba é an Banáiá seo curadh an tríochad, agus ba é a bhí i gceannas an tríochad agus a roinne. Aimízeábád a mhac.
7. Sa cheathrú háit, i gcomhair an ceathrú mí, bhí Asáhael, deartháir Ióáb. Tháinig a mhac Zabaidiá i gcomharbacht air. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
8. Sa chuigiú háit, i gcomhair an cúigiú mí, bhí Seamút, an tIzeárach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
9. Sa séú háit, i gcomhair an séú mí, bhí Íreá mac Icéis ó Theacóá. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
10. Sa seachtú háit, i gcomhair an seachtú mí, bhí Héiliz an Palónach duine de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
11. San ochtú háit, i gcomhair an ochtú mí, bhí Sibeacai ó Huiseá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
12. San naoú háit, i gcomhair an naoú mí, bhí Aibíeizir ó Anatót, an Biniáimineach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
13. Sa deichiú háit, i gcomhair an deichiú mí, bhí Maharai ó Natófá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
14. San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
15. Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
16. Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh.
17. Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh;
18. Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh.
19. Ismeá mac Obaidiá do na Zabúlunaigh; Irímeot mac Aizríéil do na Naftáilígh.
20. Hóiseá mac Azaiziá do na hEafráimigh. Ióéil mac Phadáiá do leaththreibh Mhanaise.
21. Ideo mac Zacairiá do leath-threibh Mhanaise i nGileád. Iasaíéil mac Aibnéar do Bhiniáimin.
22. Azarael mac Iarochám do Dhán. Ba iadsan uachtaráin threibheanna Iosrael.
23. Níor áirigh Dáiví an mhuintir a bhí faoi fiche bliain d'aois, mar gur gheall an Tiarna go ndéanfadh sé Iosrael chomh líonmhar le réaltaí na spéire.