24. Chuir Ióáb mac Zarúá tús le daonáireamh, ach níor thug sé chun críche é. Tháinig fraoch feirge ar Iosrael dá bharrsan agus níor shroich an t‑áireamh an líon atá le fáil in Annála Dháiví rí.
25. Bhí Azmávat mac Aidiéil ina mhaor ar thaiscí an rí; bhí Iónátán mac Uiziá ina mhaor ar na taiscí faoin tuath, sna cathracha, sna bailte, agus sna caisil;
26. bhí Eizrí mac Chalúb ina mhaor ar lucht saothraithe na talún ag obair sna goirt;
27. bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar;
28. bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;
29. bhí Sitrai ó Sheárón ina mhaor ar na táinte ar féarach i Seárón; bhí Seáfát mac Adlái ina mhaor ar na tréada sna gleannta;
30. bhí Óibíl an tÍsméileach ina mhaor ar na camaill; bhí Ichdeiá ó Mhaeranót ina mhaor ar na hasail;
31. bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir.
32. Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichiéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí.
33. Ba é Aichítifeil comhairleoir an rí, agus ba é Huiseá an tArcach cara an rí.