1 Croinicí 27:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Clann Iosrael: A n‑áireamh. Na cinn finí, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, a scríobhaithe, chomhlíonaidís sin a ndualgais i measc an phobail. Ghlacadh na ranna páirt i ngnóthaí uile an rí. Bhíodh ceann díobh ar dualgas ar feadh mí, gach mí den bhliain. Bhí fiche ceathair míle fear i ngach roinn.

2. Bhí Iáisiobám mac Zaibdíéil i gceannas na chéad roinne i gcomhair an chéad mhí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead.

3. Ba de shliocht Pheiriz é agus bhí sé ina thaoiseach ar na hoifigigh go léir a bhí ceaptha don chéad mhí.

4. Bhí Dódai an tAchóchach i gceannas an dara roinn i gcomhair an dara mí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead fear.

5. Ba é Banáiá mac Iahóideá, an t‑ardsagart, oifigeach an tríú roinn i gcomhair an tríú mí. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

6. Ba é an Banáiá seo curadh an tríochad, agus ba é a bhí i gceannas an tríochad agus a roinne. Aimízeábád a mhac.

7. Sa cheathrú háit, i gcomhair an ceathrú mí, bhí Asáhael, deartháir Ióáb. Tháinig a mhac Zabaidiá i gcomharbacht air. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

1 Croinicí 27