24. ba é Seabúéil mac Ghéirseom, mac Mhaois, an príomhfheidhmeannach a bhí i gceannas na gcistí.
25. Ba iad a ghaolta ó thaobh Eilíeizir: Rachaibiá a mhac; Íseáia a mhacsan; Iórám a mhacsan; Zicrí a mhacsan; Sealomót a mhacsan.
26. Bhí an Sealomót céanna agus a ghaolta i bhfeighil cistí na n‑ofrálacha a thíolaic Dáiví rí, agus na cinn fine, agus na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus na hoifigigh shinsearacha eile.
27. (Rinneadar cuid den chreach chogaidh a thíolacadh le teach an Tiarna a mhaisiú.)
28. Bhíodar freisin i bhfeighil gach ar thíolaic Samúéil fáidh, agus Sól mac Chís, Aibnéar mac Néar, agus Ióáb mac Zarúá. Bhí Sealomót agus a ghaolta i bhfeighil gach ar tíolacadh.