1 Croinicí 26:19-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ba iadsan ranna lucht faire na ngeataí i measc na gCorachach agus na Maráraíoch.

20. Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha.

21. Clann mhac Ladán, clann Ghéirseon ó thaobh Ladán, bhí na hIchíéiligh mar chinn finí acu, ar fhiní Ladán an Géirseonach.

22. Bhí na hIchíéiligh, Zeátám agus Ióéil a dheartháir, i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna.

23. Maidir leis na hAmrámaigh, na hIzeáraigh, na Heabrónaigh, na hUizíéiligh:

24. ba é Seabúéil mac Ghéirseom, mac Mhaois, an príomhfheidhmeannach a bhí i gceannas na gcistí.

25. Ba iad a ghaolta ó thaobh Eilíeizir: Rachaibiá a mhac; Íseáia a mhacsan; Iórám a mhacsan; Zicrí a mhacsan; Sealomót a mhacsan.

1 Croinicí 26