1 Croinicí 25:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,

7. an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht.

8. Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta.

9. Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

10. An tríú duine, Zacúr.

11. An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

12. An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

13. An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

14. An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

15. An t‑ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

16. An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

1 Croinicí 25