1. Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
2. D'éag Nádáb agus Aibíchiú roimh a n‑athair, gan clann a fhágáil, i dtreo go ndearnadh sagairt de Eileázár agus d'Íteámár.
3. Rinne Dáiví iad a eagrú ina ranna de réir a ndualgais seirbhíse le cabhair Zádóc, mac le hEileázár, agus Aichímeilic mac le hÍteámár.
4. Bhí níos mó ceannairí ar chlann mhac Eileázár ná ar chlann mhac Íteámár; rinneadh dá réir sin sé roinn déag de chinn finí chlann Eileázár agus ocht gcinn díobh siúd de chlann Íteámár.
5. Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith.