1 Croinicí 24:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

2. D'éag Nádáb agus Aibíchiú roimh a n‑athair, gan clann a fhágáil, i dtreo go ndearnadh sagairt de Eileázár agus d'Íteámár.

3. Rinne Dáiví iad a eagrú ina ranna de réir a ndualgais seirbhíse le cabhair Zádóc, mac le hEileázár, agus Aichímeilic mac le hÍteámár.

1 Croinicí 24