14. Áiríodh clann Mhaois, giolla Dé, ar threibh Léiví.
15. Clann mhac Mhaois: Géirseom agus Eilíeizir.
16. Clann mhac Ghéirseom: Seabúéil an sinsear.
17. Clann mhac Eilíeizir: Rachaibiá an sinsear; ní raibh aon mhac eile ag Eilíeizir, ach bhí clann mhór ar Rachaibiá.
18. Clann mhac Izeár: Sealoimít an sinsear.
19. Clann mhac Heabrón: Iríá an sinsear, Amairiá an dara mac, Iachaizíéil an tríú mac, agus Iacamám an ceathrú mac.