1. Nuair a bhí Dáiví ina laethe lána liatha, cheap sé Solamh a mhac ina rí ar Iosrael.
2. Chruinnigh sé taoisigh Iosrael go léir le chéile, agus na sagairt agus na Léivítigh.
3. Áiríodh na Léivítigh go léir a bhí tríocha bliain d'aois nó níos mó agus ba é a líon ná tríocha hocht míle fear.
4. Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh;
5. bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin.
6. Ansin roinn Dáiví iad ina ranganna de réir chlann Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí.
7. Clann mhac Géirseon: Ladán agus Simeí.
8. Clann Ladán: Ichíéil sa chéad áit, Zeatám agus Ióéil: triúr ar fad.