1 Croinicí 22:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chuir sé fios ar a mhac Solamh ansin agus leag de chúram air teach a thógáil don Tiarna Dia Iosrael.

7. “A mhic,” arsa Dáiví le Solamh, “bhí mé meáite i mo chroí ar theach a thógáil d'ainm an Tiarna mo Dhia.

8. Ach tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: ‘Dhoirt tú a lán fola agus d'fhear tú cogaí móra; ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur dhoirt tú an oiread sin fola ar an talamh i mo láthair.

9. Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d'Iosrael lena linn.

10. Tógfaidh sé teach do m'ainm; beidh sé mar mhac agam agus beidh mise mar athair aige, agus daingneoidh mé a chathaoir rí in Iosrael go brách.’

11. Go raibh an Tiarna leat anois, a mhic, agus go gcuire sé an rath ort, ag tógáil tí don Tiarna do Dhia, mar a dúirt sé i do thaobh.

12. Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.

13. Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!

14. Dá [bhoichte] mé, tá céad míle tallann óir curtha i leataobh agam, milliún tallann airgid, agus oiread umha agus iarainn nach féidir a thomhas, le toirt. Tá adhmad agus clocha curtha i dtaisce agam agus ní mór duit cur leo.

15. Tá a lán oibrithe agat: lucht gearrtha cloch, saoir, siúinéirí, ceardaithe de gach sórt atá oilte

16. ar shaothar óir agus airgid agus cré-umha agus iarainn. Corraigh ort dá bhrí sin agus bí ag obair agus go raibh an Tiarna leat!”

17. D'ordaigh Dáiví do cheannairí uile Iosrael cabhrú le Solamh a mhac á rá:

1 Croinicí 22