1 Croinicí 22:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt Dáiví: “Anseo a bheidh teach an Tiarna, Dia; anseo a bheidh altóir an uileloiscthe d'Iosrael.”

2. Thug Dáiví ordú na daoine deoranta go léir a bhí ag cur fúthu i dtír Iosrael a chruinniú le chéile; agus chuir sé lucht gearrtha cloch ag soláthar cloch gearrtha le haghaidh tógáil theach Dé.

3. Rinne Dáiví freisin soláthairtí móra iarainn a bhailiú le chéile le tairní a dhéanamh do chomhlaí na ndoirse agus tuislí; agus bhailigh sé níos mó cré-umha ná mar d'fhéadfaí a mheá,

4. agus bíomaí céadair gan áireamh, mar thug na Síodónaigh agus na Tuírigh freisin raidhse céadair chuig Dáiví.

5. Ansin dúirt Dáiví: “Fear óg gan taithí na mblianta is ea mo mhac Solamh, agus an teach atá le tógáil don Tiarna, ní foláir é a bheith an-taibhseach agus clú agus ainm in airde a bheith air i ngach tír. Déanfaidh mé ullmhú ina chomhair dá bhrí sin.” Rinne Dáiví más ea, go leor ullmhúcháin roimh éag dó.

6. Chuir sé fios ar a mhac Solamh ansin agus leag de chúram air teach a thógáil don Tiarna Dia Iosrael.

7. “A mhic,” arsa Dáiví le Solamh, “bhí mé meáite i mo chroí ar theach a thógáil d'ainm an Tiarna mo Dhia.

8. Ach tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: ‘Dhoirt tú a lán fola agus d'fhear tú cogaí móra; ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur dhoirt tú an oiread sin fola ar an talamh i mo láthair.

9. Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d'Iosrael lena linn.

1 Croinicí 22