1 Croinicí 21:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh.

6. Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin.

7. Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael.

8. Ansin dúirt Dáiví le Dia: “Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.”

9. Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá:

10. “Imigh agus abair le Dáiví: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”

11. Chuaigh Gád dá bhrí sin go Dáiví agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Bíodh do rogha agat:

12. trí bliana de ghorta, nó trí mhí de scrios faoi lámha do naimhde agus claíomh do namhad á ropadh ionat, nó trí lá faoi chlaíomh an Tiarna agus plá sa tír ar feadh trí lá agus aingeal an Tiarna ag déanamh léirscrios ar chríocha Iosrael go léir.’ Socraigh anois cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”

13. Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitfinn i lámha an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, ná i lámha daoine.”

14. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael, agus fuair seachtó míle d'fhir Iosrael bás.

15. Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.

1 Croinicí 21