4. Ach chuir an rí an t‑ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus d'imigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin d'fhill ar Iarúsailéim.
5. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh.
6. Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin.
7. Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael.
8. Ansin dúirt Dáiví le Dia: “Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.”
9. Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá:
10. “Imigh agus abair le Dáiví: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”