14. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael, agus fuair seachtó míle d'fhir Iosrael bás.
15. Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.
16. D'ardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla.
17. Dúirt Dáiví le Dia: “Nach mise a thug an t‑ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.”
18. Dúirt aingeal an Tiarna ansin le Gád: “Ní foláir do Dháiví dul suas agus altóir a thógáil don Tiarna ar urlár buailte Ornán an Iabúsach.”
19. Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin de réir bhriathar Ghád, an briathar a labhair sé in ainm an Tiarna.
20. Bhí Ornán ag bualadh cruithneachta, agus chas sé ar a sháil agus chonaic an t‑aingeal agus chuaigh sé i bhfolach, é féin agus a cheathrar mac a bhí in éineacht leis.
21. Nuair a bhí Dáiví ag teacht chuige, d'fhéach Ornán síos agus chonaic Dáiví; d'fhág sé an t‑urlár buailte, agus thug sé ómós do Dháiví agus a cheann crom chun talún.
22. Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: “Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna - tabhair dom é ar a luach iomlán - i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.”