1 Croinicí 21:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'éirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael.

2. Dúirt Dáiví dá bhrí sin le Ióáb agus le hoifigigh shinsearacha an airm: “Imígí libh agus déanaigí daonáireamh ar Iosrael, ó Bhéit Seaba go Dán, agus tugaigí cuntas chugam i dtreo gurbh eol dom an líon iomlán.”

3. Dúirt Ióáb: “Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?”

4. Ach chuir an rí an t‑ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus d'imigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin d'fhill ar Iarúsailéim.

5. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh.

1 Croinicí 21