52. Bhí clann mhac eile ar Sheobál athair Chiriat Iáraím: Haroe, leath Mhanuchót,
53. agus finí Chiriat Iáraím: Itrígh, Púitigh, Siumátaigh, agus Miosráigh. A sliochtsan na Zorátaigh agus na hEisteaólaigh.
54. Clann mhac Shalmá: Béitlihim, Natófátaigh, Atrót, Béit Ióáb, leath na Mánachatach, na Zoraigh,
55. clann na scríobhaithe a bhí ag cur fúthu i Iabaez, na Tiorátaigh, Simeátaigh, Súcátaigh. Sin iad na Ceinigh a tháinig ó Hamat; a sliochtsan teaghlach Réacáb.