36. Ghin Ataí Nátán. Ghin Nátán Zábád.
37. Ghin Zábád Eaflál; ghin Eaflál Obaed.
38. Ghin Obaed Iéahú. Ghin Iéahú Azairiá.
39. Ghin Azairiá Heiliz. Ghin Heiliz Eileasá.
40. Ghin Eileásá Sasmái. Ghin Sasmái Sealúm.
41. Ghin Sealúm Iacaemiá. Ghin Iacaemiá Eliseámá.
42. Clann mhac Chálaeb deartháir Iarachmael: Máiréiseá a chéadghin, athair Zíf. Clann mhac Mháiréiseá: Heabrón.
43. Clann mhac Heabrón: Córach, Tapuach, Reicim, Seáma.
44. Ghin Seáma Racham, athair Iorcám. Ghin Reicim Seamái.
45. Ba é Máón mac Sheamái. Ghin Máón Béit Zúr.
46. Rug Éafá, leannan Chálaeb, Hárán, Mózá, Gázaez. Ghin Hárán Gázaez.