1 Croinicí 2:12-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ghin Boaz Obaed, ghin Obaed Ieise.

13. Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac,

14. Natanael a cheathrú mac, Radaí a chúigiú mac,

15. Ozam a shéú mac, Dáiví a sheachtú mac.

16. Ba iad a ndeirfiúracha Zarúá agus Aibiogáil. Ba iad clann mhac Zarúá: Aibísí, Ióáb, Asáhael, triúr.

17. Rug Aibiogáil Amásá; Ieitir an tÍsmeáélach athair Amásá.

18. Ghin Cálaeb mac Heazrón Azúbá, Íseá agus Iríót. Clann mhac [Azúbá]: Iéisir, Seobáb, Ardón.

19. Nuair a d'éag Azúbá, phós Cálaeb Eafrát a rug mac dó, Húr.

20. Ghin Húr Úirí agus ghin Úirí Bazalael.

21. Ansin phós Heazrón iníon Mhácaír, athair Ghileád; bhí sé trí fichid bliain nuair a phós sé í, agus ghin sí Sagúb.

22. Ghin Sagúb Iáír a bhí i gceannas ar thrí chathair agus fiche i ndúiche Ghileád.

23. Ghabh Gisiúr agus Arám, Havat Iáír, Canát agus a shráidbhailte, trí fichid baile uathu. [Bhain seo uile le] Mácaír athair Ghileád.

24. Tar éis bháis Heazrón phós Cálaeb Eafratá, bean Heazrón a athair, agus rug sí dó Aischiúr athair Theacóá.

25. Bhí clann mhac ag Iarachmael an mac ba shine ag Heasrón: Rám a chéadghin, Búná, Oirin, Oizim, Aichía.

26. Bhí bean eile, Atárá, ag Iarachmael. Ise máthair Ónám.

27. Clann mhac Rám céadghin Iarachmael: Máz, Iáimín, Éicir.

28. Clann mhac Ónám: Seamaí, Iádá. Clann mhac Sheamaí: Nádáb, Aibísiúr.

1 Croinicí 2