9. Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach d'fhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire.
10. Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla le chéile, roghnaigh sé cuid de thogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.
11. Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí agus cóiríodh iad in aghaidh na nAmónach.
12. “Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa.
13. Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”
14. Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh, ach theitheadarsan uaidh.
15. Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh, theitheadar féin leis ó Aibísí, deartháir Ióáb, agus isteach leo ina gcathair. Ansin d'fhill Ióáb ar ais go Iarúsailéim.
16. Nuair a chonaic na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chuireadar teachtairí uathu agus thionóladar na hAramaeigh ó lastall den abhainn, le Seofac, ceann feadhna arm Hadad Eizir, á dtreorú.
17. Nuair a insíodh é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile agus ghabh thar an Iordáin, tháinig suas leo, agus ghabh láthair taobh leo. Chóirigh Dáiví a shluaite in eagar catha os comhair na nAramaech agus chuadarsan i ngleic leis.
18. Ach theith na hAramaeigh ó Iosrael agus mharaigh Dáiví seacht míle dá bhfoirne carbad, agus daichead míle troitheach; mharaigh sé Seofac a gceann feadhna chomh maith.