2. Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh cineálta céanna le Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair liomsa.” Chuir Dáiví seirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a tháinig seirbhísigh Dháiví go Hánún i dtír na nAmónach lena dteachtaireacht chomhbhróin,
3. dúirt ceannairí na nAmónach le Hánún: “An dóigh leat gur d'fhonn onóir a thabhairt do d'athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a scrios, agus a spíonadh?”
4. Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad,
5. agus d'imigh siad leo. Nuair a insíodh do Dháiví faoinar tharla do na fir, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir: “Fanaigí i Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg arís agus tagaigí ar ais ansin.”
6. Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin ginte ag Dáiví dóibh, sheoladar míle tallann airgid le carbaid agus carbadóirí a fhostú ó Aramaeigh na Measpatáime Uachtaraí, Mácá agus Zóbá.
7. D'fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.
8. Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singil agus leis na curaidh.
9. Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach d'fhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire.
10. Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla le chéile, roghnaigh sé cuid de thogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.
11. Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí agus cóiríodh iad in aghaidh na nAmónach.
12. “Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa.
13. Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”