16. Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, chun gur threoraigh tú an fad seo mé?
17. Ach ní leor leat an fad seo, a Dhia, agus déanann tú do gheallúintí a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn. Taispeánann tú mar a bheadh líne shleachta agus is é an Tiarna, Dia, atá á gheallúint.
18. Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat de bharr mar a thug tú onóir do do shearbhónta? Tú féin a rinne do shearbhónta a roghnú.
19. Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d'fhoilsigh tú na nithe móra seo atá le teacht.
20. Níl aon neach mar thú a Thiarna, agus níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.
21. An bhfúil pobal eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, á mhóradh féin agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha roimh do phobal a d'fhuascail tú ón Éigipt?
22. De do phobal Iosrael rinne tú do phobal féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá i do Dhia acu feasta.
23. Anois, a Thiarna, an gealltanas a rinne tú, le do shearbhónta agus lena theaghlach, bíodh sé daingean go deo, agus déan mar a dúirt tú.
24. Bíodh sé daingean socair go mbeidh d'ainm in ardchéim go deo, agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael; sé is Dia ag Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,
25. óir is tusa, tusa féin, a d'fhoilsigh do do sheirbhíseach go dtógfá teaghlach dó; dá bhrí sin bhí sé de mhisneach ag do shearbhónta an phaidir seo a chur suas chugat.
26. Sea, a Thiarna, is Dia thú go deimhin, agus rinne tú an gealltanas fónta seo do do sheirbhíseach.