1 Croinicí 16:26-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Níl sna déithe go léir ach neamhní,Ach rinne an Tiarna féin na spéartha.

27. Tá glóir agus mórgacht ina láthair,Cumhacht agus lúcháir ina áit féin.

28. Tugaigí glóir agus cumhachtMar cháin don Tiarna, a theaghlacha pobal;

29. Tugaigí an ghlóir is dual dá ainm, don Tiarna!Beirigí amach an ofráil agus tugaigí os a chomhair í.Adhraigí an Tiarna ina chúirt naofa.

30. Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe.Rinne sé an domhan daingean dobhogtha;

31. Bíodh lúcháir ar na flaithis, agus aoibhneas ar talamh!Abraigí i measc na gciníocha: “Sé an Tiarna is Ri!”

32. Go lige an fharraige, agus a bhfuil inti, búir aisti;Bíodh lúcháir ar na goirt agus ar a bhfuil iontu.

33. Cuireadh crainn na coille gáir áthais suas,i bhfianaise an Tiarna mar tá sé ag teacht a rialú na cruinne.

34. Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é;Maireann a bhuanghrá go brách!

35. Abraigí: “Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe;Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha;Ionas go gceiliúrfaimis d'ainm naofa,Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh.

36. Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,ó shíoraíocht go síoraíocht.”Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.

37. D'fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d'éiligh gach lá;

38. agus Obaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata.

39. D'fhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón,

40. le híobairtí uileloiscthe a ofráil gan stad maidin agus tráthnóna ar altóir an uileloiscthe agus le gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, an dlí a leag sé ar Iosrael, a chomhlíonadh.

41. Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, “mar maireann a bhuanghrá de shíor”.

42. Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n‑uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata.

43. Ansin d'imigh an pobal go léir leo, gach duine chun a thí féin, agus d'fhill Dáiví abhaile le beannacht a chur ar a theaghlach féin.

1 Croinicí 16