1 Croinicí 12:40-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

40. D'fhan siad ansiúd le Dáiví ag ithe agus ag ól ar feadh trí lá. Bhí ullmhúchán déanta ag a ngaolta dóibh.

41. Tháinig ina theanntasan, a ngaolta ó chomh fada i gcéin le hÍosácár, Zabúlun, agus Naftáilí, le bia ar asail agus ar chamaill, ar mhiúileanna, agus ar dhaimh - thug siad leo raidhse mine, cácaí figí, crobhaingí rísíní, fíon, ola, daimh agus caoirigh; mar bhí lúcháir in Iosrael.

1 Croinicí 12