1 Croinicí 12:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sin iad na fir a ghabh le Dáiví ag Zicleag agus é fós díbeartha ó láthair Shóil mac Chís; ba ghaiscígh iad, lámh ar gcúl sa chath;

2. Saigheadóirí iad ar chomhdheas dóibh deas agus clé leis an mbogha, agus le clocha nó saigheada. De ghaolta Shóil an Bhiniáimineach:

3. Aichíeizir an taoiseach, Ióáis, beirt mhac Sheamá ó Ghibeá, Ízíael agus Peilit, mic Azmávat, Barácá agus Iéahú ó Anatót,

4. Ismáiá ó Ghibeón, laoch ar an tríocha agus ceannaire os a gcionn;

5. Irimia, Iachaizíéil, Ióchánán, Iózábád ó Ghadaerót;

6. Ealúzai, Írímeot, Bailiá, Seamariá, Seafatiá ó Hairíf;

7. Ealcáná, Isíá, Azarael, Ióeizir, Iáisiobám, Corachaigh;

8. Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.

9. Ghabh Gadaigh áirithe le Dáiví sa daingean san fhásach. Ba laochra groí iad, oilte ar sciath agus ga. Ba leoin iad ar dhealramh, agus ba gheall le fianna iad ar na sléibhte le luas.

10. Eizir an taoiseach, Obaidiá an tánaiste, Eilíáb an tríú duine,

11. Mismeaná an ceathrú, Irimia an cúigiú,

12. Atai an séú, Eilíael an seachtú,

13. Ióchánán an t‑ochtú, Ealzábád an naoú,

14. Irimia an deichiú, Macbanai an t‑aonú duine déag.

15. Ba cheannairí airm na Gadaigh sin, agus gach duine díobh i gceannas, an té ba shuaraí i mbun céad duine, an té ba mhó i mbun míle.

16. Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar.

17. Tháinig cuid de chlann Bhiniáimin agus de chlann Iúdá chomh maith chuig Dáiví sa dún.

18. Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: “Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d'fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.”

1 Croinicí 12