1 Croinicí 11:22-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.

23. Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.

24. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch.

25. Ba mhó cáil é ná an tríocha ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda.

26. Na gaiscígh chróga:Asáhael deartháir Ióáb.Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.

27. Seamót ó Harod.Heiliz an Palónach.

28. Íreá mac Icéis ó Theacóá.Aibíeizir ó Anatót.

29. Sibeacaí ó Huiseá.Iolaí ó Achó.

30. Maharaí ó Natófá.Héilid mac Bháná ó Natófá.

31. Iotai mac Ríobaí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin.Banáiá ó Phioráton.

32. Húrai ó ghleannta Gháis.Aibíéil ó Bhéit-ha-Arabá.

33. Azmárat ó Bhachúraím.Eiliachbá ó Sheálbon.

34. Biné-háisim ó Ghizeon.Iónátán mac Sheágae ó Harár.

1 Croinicí 11