1 Croinicí 11:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Dúirt Dáiví le tnúth: “Uch nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile; tá sé le taobh an gheata.”

18. Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.

19. “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.

20. Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.

21. Ba mhó cáil é ná an tríocha agus rinne captaen de orthu, ach ní raibh dul aige ar an triúr.

22. Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.

1 Croinicí 11