14. Sheas siad an fód i lár an ghoirt agus rinne siad é a chosaint agus rinne siad na Filistínigh a threascairt. Thug an Tiarna bua mór chun críche ar an gcuma sin.
15. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos go dtí Dáiví ag an gcarraig láimh le hUaimh Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.
16. Bhí Dáiví ansin sa dún agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.
17. Dúirt Dáiví le tnúth: “Uch nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile; tá sé le taobh an gheata.”
18. Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.
19. “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
20. Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.
21. Ba mhó cáil é ná an tríocha agus rinne captaen de orthu, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
22. Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
23. Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.
24. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch.
25. Ba mhó cáil é ná an tríocha ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda.
26. Na gaiscígh chróga:Asáhael deartháir Ióáb.Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
27. Seamót ó Harod.Heiliz an Palónach.
28. Íreá mac Icéis ó Theacóá.Aibíeizir ó Anatót.
29. Sibeacaí ó Huiseá.Iolaí ó Achó.
30. Maharaí ó Natófá.Héilid mac Bháná ó Natófá.