1 Croinicí 10:13-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi

14. in áit treoir a lorg ón Tiarna. Chuir an Tiarna chun báis é dá bhrí sin agus thug an ríocht i láimh Dháiví, mac Ieise.

1 Croinicí 10