1 Corantaigh 8:12-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre.

13. Dá chionn sin, má chuireann an bia mo bhráthairse ar a aimhleas, ní bhlaisfidh mé feoil go deo arís ar eagla go gcuirfinn ar a aimhleas é.

1 Corantaigh 8